Naomh Pádraig, easpag
Príomhéarlamh na hÉireann
Loinneog don Iontróid (Gein 12:1-2)
Imigh ó do thír féin agus ó do mhuintir féin agus ó theach d’athar
chun na tíre a thaispeánfaidh mé duit.
Déanfaidh mé cine mór díot agus beannóidh mé thú
agus mórfaidh mé d’ainm chomh mór sin
go mbeidh sé mar bheannacht ag daoine.
An Chomhurnaí
A Thiarna,
de bharr shaothar Naomh Pádraig in Éirinn
tá sé tar éis teacht linn rúndiamhair an aon fhíor-Dhia amháin a admháil
agus buíochas a ghabháil as ár slánú i gCríost;
de bharr a idirghuí deonaigh go gcoinneoimidne,
a cheiliúrann an fhéile seo,
tine an chreidimh, a d’adhain sé, beo i gcónaí inár measc.
Trínár dTiarna Íosa Críost do Mhac,
a mhaireann agus a rialaíonn leatsa,
mar aon leis an Spiorad Naomh, ina Dhia,
trí shaol na saol.
___________________________________________________________________________
Leicseanáir: Bliain ABC
An Chéad Léacht: Sliocht as leabhar Shíorach (39:6-10)
Ní rachaidh a chuimhne ar ceal agus mairfidh a ainm ó ghlúin go glúin.
Salm Loinneogach: Salm 115: 12-19. L v.12
Loinneog: Cén cúiteamh a dhéanfaidh mé leis an Tiarna ina ndearna sé dom?
An Dara Léacht: Sliocht as dara litir Naomh Pól chuig Tiomóid (4:1-8)
Bí ag áitiú, ag casaoid, ag spreagadh agus ag teagasc go foighneach gan stad.
Comhgháir an tSoiscéil: Séam 1:21
Glóir duit, a Chríost: is tú Briathar Dé!
Glacaigí go ceansa le Briathar Dé a síoladh ionaibh
agus atá in ann bhur n-anam a shlánú,
agus géill dó.
Glóir duit, a Chríost: is tú Briathar Dé!
An Soiscéal: Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Mhatha (13:24-32)
Is é an gráinnín síl is lú ar bith é, ach nuair a bhíonn sé fásta, is é is mó de na toir.
___________________________________________________________________________
Bliain B más mian
An Chéad Léacht: Sliocht as leabhar Irimia fáidh 1:4-9
Téigh anois chuig gach duine chuig a gcuirfidh mise thú.
Salm Loinneogach: Salm 116 L Mc 16:15
Loinneog: Imígí faoin domhan uile; fógraígí an dea-scéal.
An Dara Léacht: Sliocht as litir Naomh Pól chuig na Rómhánaigh 10:9-18
Is ó theagasc a thagann creideamh, trí bhriathar Chríost.
Comhgháir an tSoiscéil: Mth 29:19-20
Glóir duit, a Chríost: is tú Briathar Dé!
Imígí, déanaigí deisceabail de na náisiúin uile, a deir an Tiarna.
Féach, táim in éineacht libh i gcónaí go dtí deireadh an tsaoil.
Glóir duit, a Chríost: is tú Briathar Dé!
An Soiscéal: Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Mharcais 16:15-20
D’imigh siad leo agus chraobhscaoil siad an dea-scéal i ngach áit.
__________________________________________________________________________
Bliain C más mian
An Chéad Léacht: Sliocht as leabhar Amós 7:12-15
Ba é an Tiarna a thóg mé ón mbuachailleacht.
Salm Loinneogach: Salm 138: 1-3.7-10.13-14. L v.9-10
Loinneog: Má ghabhaim cónaí i gcríocha imchiana na farraige
ansin féin beidh tú ag tabhairt aire dom.
An Dara Léacht: Sliocht as céadlitir Naomh Pól chuig na Teasalónaigh 2:2-8
Ní dhearnamar plámás libh riamh agus ní ar scáth na sainte a bhíomar.
Comhgháir an tSoiscéil: Lc 4:18-19
Glóir duit, a Chríost: is tú Briathar Dé!
Chuir an Tiarna uaidh mé
ag tabhairt an dea-scéil do na bochta,
ag fógairt a scaoilte do bhraighde.
Glóir duit, a Chríost: is tú Briathar Dé!
An Soiscéal: Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Lúcáis 5:1-11
‘Is peacach mé, a Thiarna.’ Dúirt Íosa ‘Ná bíodh eagla ort.’
_________________________________________________________________________
Os Cionn na nOfrálacha
A Thiarna,
glac leis an íobairt fhíorghlan seo
a ofrálann do phobal buíoch duit
de bharr shaothar Naomh Pádraig
chun glóir d’ainm.
Trí Chríost ár dTiarna.
An Phreafáid
S Go raibh an Tiarna libh.
P Agus leat féin.
S Tógaigí bhur gcroí in airde.
P Tá sé tógtha in airde chun an Tiarna againn.
S Gabhaimis buíochas leis an Tiarna Dia.
P Is ceart agus is cóir sin.
Is ceart agus is cóir dúinn go deimhin,
is é ár ndualgas agus ár slánú é
buíochas a ghabháil leat de shíor agus i ngach áit,
a Thiarna, a Athair naofa, a Dhia uilechumhachtaigh shíoraí,
agus thú a mholadh go cuí
agus sinn ag tabhairt ómóis do Naomh Pádraig.
Óir trína phaidreoireacht laethúil
le linn dó bheith i ngéibheann agus ag fulaingt cruatain
thug tú air thú a aithint mar Athair grámhar.
Thogh tú é as a raibh ar domhan
chun filleadh ar thír na ndaoine a rinne príosúnach de
i dtreo is go n-admhóidís Íosa Críost, a Slánaitheoir.
Trí chumhacht do Spioraid threoraigh tú a bhealaí
ionas gur éirigh leis clann mhac agus iníonacha na nÉireannach
a iompú chun seirbhís Dé Thrí-aonta.
Le croíthe lúcháireacha canaimidne atá sa saol seo
mar a chanann na haingil ar neamh
agus iad ag moladh do ghlóire gan stad:
Is naofa, naofa, naofa…
Loinneog don Chomaoineach (Cf. Mth 8:11)
Tiocfaidh mórán anoir agus aniar
agus beidh siad ina suí chun boird
le hAbrahám agus le hÍosác agus le Iacób i ríocht na bhflaitheas,
a deir an Tiarna.
An Iarchomaoineach
Neartaigh sinn tríd an tsacraimint seo, a Thiarna,
i dtreo is go ndéanfaimid an creideamh a theagasc Naomh Pádraig
a admháil agus a fhógairt
trínár modh maireachtála.
Trí Chríost ár dTiarna.
Beannacht Shollúnta
Dia an tAthair,
a thionól le chéile sinn
le féile Naomh Pádraig a cheiliúradh,
go mbeannaí sé sibh, go gcosnaí sé sibh
agus go gcoinní sé sibh
dílis don chreideamh i dtólamh.
P. Amen.
Go raibh Críost, an Tiarna,
Ardrí na bhflaitheas,
i ngar daoibh i gcónaí
agus go gcumhdaí sé sibh ar an olc.
P. Amen.
Go ndeonaí an Spiorad Naomh,
foinse gach naofachta,
go mbeidh sibh lán de ghrá do phobal Dé.
P. Amen.
Agus go dtaga beannacht Dé uilechumhachtaigh,
Athair, Mac + agus Spiorad Naomh,
anuas oraibh agus go bhfana libh de shíor.
P. Amen.